Tuarascáil ar Chuntais na Seirbhísí Poiblí, 2011
D’fhoilsigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a Thuarascáil do Dháil Éireann ar thorthaí a scrúdaithe ar Chuntais na Ranna agus Oifigí Rialtais do 2011. Sainaithnítear sa Tuarascáil saincheisteanna ar fiú, ina thuairim féin, don Choiste um Chuntais Phoiblí féachaint orthu ar mhaithe le trédhearcacht agus cuntasacht.
Déileáiltear leis an méid seo sa tuarascáil
- aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú mar gheall ar mo chuid iniúchtaí ar na cuntais leithreasa arna n-ullmhú ag na hOifigigh Chuntasaíochta de chuid ranna agus oifigí an rialtais maidir leis na leithreasaí arna vótáil ag Dáil Éireann don bhliain airgeadais roimhe sin
aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú ag eascairt as mo chuid imscrúduithe ar na rialuithe inmheánacha airgeadais atá á bhfeidhmiú ag ranna agus ag oifigí rialtais (sa bhliain airgeadais reatha nó roimhe) d’fhonn rialtacht a n-idirbheart airgeadais a chinntiú, cruinneas a gcuid íocaíochtaí agus fáltas, iontaofacht agus iomláine a gcuid taifid chuntasaíochta agus cosaint na sócmhainní atá faoina n-úinéireacht agus rialaithe acu
- torthaí na n-imscrúduithe a rinne mé ar na cuntais ar an ioncam ar fad a bhailíonn na Coimisinéirí Ioncaim – áirítear leis na himscrúduithe sin measúnú ar cibé acu an bhfuil na cuntais iomlán agus cruinn, agus cibé acu an bhfuil córais, nósanna imeachta agus cleachtais curtha ar bun agus i bhfeidhm ag na Coimisinéirí Ioncaim, atá leordhóthanach chun seiceáil éifeachtach a dhéanamh ar mheasúnú, bailiú agus leithdháileadh ceart an ioncaim.
Tá na caibidlí aonair sa tuarascáil ar fáil thíos
Toradh Airgeadais do 2011
Fiachas Rialtas
Bearta Baincéireachta agus Árachais
An Cúlchiste Náisiúnta Pinsean
Idirbhearta Airgeadais AE
Gealltanais Airgeadais faoi Chomhpháirtíochtaí Poiblí Príobháideacha
Iniúchadh na gCoimisinéirí 2011
Toradh Ioncaim 2011
Bailiú Fiach ag na Coimisinéirí Ioncaim
Comhlíonadh Cánach a Mhéadú
CBL ar thrádáil laistigh den Chomhphobal
Cuntasaíocht Vótaí
Soláthar gan Phróiseas Iomaíoch
Feidhmíocht Soláthair a Thomhas
Cóiríocht ar Léas le haghaidh Tionscadal de chuid na Seirbhíse Promhaidh
Maoiniú ón Rialtas Lárnach do na hÚdaráis Áitiúla
An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú
Ró-íocaíochtaí Tuarastail do Mhúinteoirí
Cúnamh Forbartha Oifigiúil
An Ciste Craolacháin
Caiteachas ar Scéimeanna Leasa agus Fostaíochta
Fiacha Ró-íocaíochtaí Leasa
Rialtacht Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh
Liúntas Leasa Forlíontach
Cuntais Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta
Mótarcháin a Bhailiú
Tobhaigh an Chiste Comhshaoil